Ról
Cuireann an Oifig Idirchaidrimh sa Bhruiséil - a bunaíodh i mí Eanáir 2002 – le bainistíocht straitéiseach agus beartas foriomlán cumarsáide Eurofound maidir lena chuid geallsealbhóirí ag leibhéal an AE de.
Is é a mhisean ná:
- infheictheacht agus tionchar Eurofound ar cheapadh beartais ag leibhéal an AE a láidriú tríd an chomhoibriú le hinstitiúidí an AE (an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste na Réigiún) agus leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis an tsochaí shibhialta a fhorbairt is a leathnú. Mar chuid den chomhoibriú sin, táirgtear tuarascálacha saincheaptha bunaithe ar shonraí a bailíodh ag Eurofound cheana féin.
- monatóireacht a dhéanamh ar son Eurofound ar fhorbairtí i gceapadh beartais an AE.
Ar fhoireann na hOifige Idirchaidrimh sa Bhruiséil tá Sylvie Jacquet, Ceannaire an BLO, Marina Patriarka agus Yolanda Torres Revenga, Oifigigh Eolais.
Cá bhfuil an BLO sa Bhruiséil?
Avenue d’Auderghem, 20
B – 1040 An Bhruiséil
An Bheilg
Contact
Avenue d’Auderghem, 20
B – 1040 Brussels
Belgium