Skip to main content

Mapa agus faisnéis tráchta

Tá Eurofound suite 16km ó dheas ó lar na cathrach agus aon km isteach ón gcósta ar Bhóthar Wyattville, Baile Uí Lachnáin. Tá Aerfort Bhaile Átha Cliath suite 12km ó thuaidh ó lár na cathrach Mapa Bhaile Átha Cliath

Ag teacht le gluaisteán

Ó Aerfort Bhaile Átha Cliath
Tóg an mótarbhealach M50 ó dheas (lean comharthaí marcáilte bealach amach ón aerfort) ag dul i dtreo Chill Mhantáin/Loch Garman Fág an mótarbhealach ag bealach amach 16 (Coill na Silíní/Baile Uí Lachnáin/An Baile Breac). Lean díreach ar aghaidh ag an timpeallán agus téigh trí dhá shraith de shoilse tráchta, téigh trasna an mhótarbhealaigh chun teacht amach ag Bóthar Wyattville. Téigh tríd na chéad soilse tráchta eile agus ag na soilse ina dhiaidh sin déan U-chasadh, ionas go mbeidh tú ag dul anois ar ais síos Bóthar Wyatville sa treo eile. Bí réidh le stopadh díreach roimh an chéad acomhal eile (150m) agus cas ar chlé ag príomhgheata Eurofound (colúin chloiche). Féach ar an mapa [PDF 29 kb].

Ó lár Chathair Bhaile Átha Cliath
Is é an treo is fearr le tógáil ná an príomhbhóthar an N11, via Domhnach Broc, Stigh Lorgan agus Carraig an tSionnaigh (i dtreo Bhré). Cas ar chlé ag an bpríomhacomhal An Baile Breac//Cill Iníon Léinín/Deilginis. Anois tá tú ar Bhóthar Wyattville. Téigh tríd na chéad soilse tráchta agus ag an gcéad shraith de shoilse tráchta eile déan U-chasadh ionas go mbeidh tú ag dul ar ais anois síos Bóthar Wyattville sa treo eile. Bí réidh le stopadh díreach roimh an chéad acomhal eile (150 m) agus cas ar chlé ag príomhgheata Eurofound (colúin chloiche). Féach ar an mapa [PDF 29 kb].

Ag teacht le Tacsaí

Is féidir leat tacsaí a fháil ag Aerfort Bhaile Átha Cliath chun dul díreach chuig Eurofound nó chuig lár na cathrach (áit ina mbeidh tú in ann leanúint ar aghaidh le hiomar poiblí). Tá an táille aontreo ón aerfort chuig Eurofound thar ar €50; ón aerfort chuig lár na cathrach, tá sé thart ar €35. Féach ar an mapa [PDF 29 kb].

Ag teacht le hiompar poiblí

Aircoach
Tá comhcheangal bus díreach idir Aerfort Bhaile Átha Cliath agus Eurofound: Aircoach (ar a dtugtar ‘an bus gorm’) a théann ó Aerfort Bhaile Átha Cliath chuig Na Clocha Liatha. Cosnaíonn an Aircoach €8 an duine in aon treo amháin agus €14 as ticéad fillte. Fágann tú an bus ag Uasbhealach Bhaile Uí Lachnáin chun teacht go dtí Eurofound. Nuair a fhágann tú an bus siúl siar 100 méadar go dtí ár ngeataí. Féach bealach Aircoach [pdf, 410kb].

Téann busanna eile Aircoach chuig lár na cathrach agus áiteanna eile sa deisceart amhail Jury's Hotel (Bóthar Pheambróg) agus an Stillorgan Park Hotel, ó ansin is féidir leat tacsaí a fháil chun leanúint ar aghaidh chuig Eurofound. Is féidir leat na busanna seo a úsáid chomh maith: uimh. 7 (marcáilte 'Baile Uí Lachnáin), uimh. 45, 84 agus 145 taobh amuigh de Jury's Hotel agus uimh. 84 agus 145 taobh amuigh den Stillorgan Park Hotel.

Bus
Tabharfaidh na busanna seo de chuid Bus Átha Cliath thú díreach chuig Eurofound i mBaile Uí Lachnáin ó lár na Cathrach: uimh 7 (marcáilte 'Baile Uí Lachnáin') agus uimh. 145 ó Shráid Uí Chonaill , agus uimh. 84 ó Ché Eden (stopann na busanna go léir taobh amuigh de Choláiste na Tríonóide). Is féidir leat dul ar an DART chomh maith (féach thíos faoi 'Traein) chuig Dún Laoghaire, agus bus uimh. 111 a fháil taobh amuigh den Pavillion Theatre ar Bhóthar na Mara (lámh leis an stáisiún DART).

Traein
Is féidir leat an traein fho-uirbeach i mBaile Átha Cliath a fháil (ar a dtugtar an)DART) ó lár na cathrach chuig stáisiún Chill Iníon Léinín ar an gcósta thoir theas, siúlóid de 27 nóiméad ó Eurofound [Google maps]. Imíonn treanacha ó gach ceann de na stáisiúin i lár na cathrach - Stáisiún Uí Chonghaile, Sráid Tara, nó Stáisiún an Phiarsaigh - thart ar gach 15 nóiméad. Tabhair faoi deara le do thoil nach bhfuil aon tseirbhís tacsaí ag stáisiún Chill Iníon Léinín. Féach ar an mbealach [PDF 56 kb].

Gluaisteán ar cíos

Tá roinnt cuideachtaí cíosa lonnaithe sa halla teachta in Aerfort Bhaile Átha Cliath nó is féidir leat gluaisteán a chur in áirithint roimh ré.

Disclaimer

When freely submitting your request, you are consenting Eurofound in handling your personal data to reply to you. Your request will be handled in accordance with the provisions of Regulation (EU) 2018/1725 of the European Parliament and of the Council of 23 October 2018 on the protection of natural persons with regard to the processing of personal data by the Union institutions, bodies, offices and agencies and on the free movement of such data. More information, please read the Data Protection Notice.