Dearbhú cáilíochta do shuirbhéanna Eurofound
Tá sé mar aidhm ag Eurofound ardcháilíocht a chuid sonraí suirbhé a chinntiú trí chloí le caighdeáin arna gcomhaontú go coiteann le haghaidh na modheolaíochta agus na nósanna imeachta Déantar é seo trí chritéir cháilíochta an Chórais Staidrimh Eorpaigh (ESS) a leanúint i ndearadh, forfheidhmiú agus measúnú cáilíochta an tsuirbhé. Déantar na critéir seo a leanas a chur i bhfeidhm do shuirbhéanna de chuid Eurofound.
- Ábharthacht: A chinntiú go bhfreastalaíonn an suirbhé ar riachtanais úsáideora reatha agus féideartha
- Cruinneas: Sonraí a aimsiú a bhfuil na meastacháin chomh gar agus is féidir do na fíorluachanna I dtéarmaí praiticiúla déantar é seo trí aon earráidí sa suirbhé a íoslaghdú
- Tráthúlacht agus poncúlacht: Sonraí a scaipeadh chomh cóngarach don tréimhse thagartha agus is féidir agus an t-amchlár a leagadh amach maidir le heisiúint na sonraí a leanúint
- Inrochtaineacht agus soiléire: Ag cur ar chumas úsáideoirí rochtain éasca a fháil ar thorthaí agus sonraí an tsuirbhé agus an fhaisnéis chlúlra riachtanach a thairiscint orthu chun na torthaí a léirléamh
- Comhleanúnachas agus inchomparáideacht: Na sonraí a athbhreithniú i gcomparáid le sonraí gaolmhara eile a thagann chun cinn as foinsí eile agus measúnú a dhéanamh ar cibé an féidir na difríochtaí a shannadh do dhifríochtaí idir fhíorluachanna. Inchomparáideacht sonraí a bhunú thar réigiúin gheografacha agus le himeacht ama.
Tá sé mar aidhm cáilíocht agus cost-éifeachtúlacht na suirbhéanna a fheabhsú go leanúnach. Tá critéir cháilíochta, agus na céimeanna atá riachtanach sa phróiseas chun na critéir seo a chomhlíonadh, leagtha amach i sonraíochtaí tairisceana agus i bpleanáil mhionsonraithe araon an phróisis suirbhé. Tá nósanna imeachta curtha i ngníomh maidir le gach gné d'ullmhúchán an tsuirbhé, obair allamuigh, próiseáil sonraí agus bailiú doiciméadúcháin chuimsithigh ar conas a chomhlíontar critéir cháilíochta a sheiceáil .
Déantar monatóireacht rialta ar thionchar na suirbhéanna ar cheapadh beartais agus ar úsáid na sonraí i dtaighde. Bailítear faisnéis ar conas a fhreastalaíonn na suirbhéanna ar riachtanais úsáideora. Ina theannta sin, déantar coimisiúnú agus foilsiú ar mheasúnuithe cáilíochta seachtracha ar na sonraí agus ar phróisis an tsuirbhé.