Mar chuid de sheirbhís na dtuarascálacha saincheaptha, soláthraítear, de réir iarratais, do chroí-gheallsealbhóirí páipéir ócáideacha ar théamaí roghnaithe. Tionscnaíodh seo go déanach in 2006 agus tá sé faoi lán seoil anois ó thús 2007.
I measc na n-ábhar a chlúdaítear tá solúbthacht agus socracht chomh maith le híosphá san Eoraip - féach ar an gcolún ar dheis mar a bhfuil liosta níos cuimsithí. Bunaítear na tuarascálacha ar bhuntaighde ar shonraí Eurofound atá againn cheana féin (e.g. tacair shonraí ó shuirbhéanna), nó ar achoimrí ar thaighde Eurofound i réimse ar leith roimhe seo.
Is iad príomhchuspóirí na seirbhíse nua seo ná sciobthacht, solúbthacht agus cáilíocht a dheimhniú sa soláthar d'ionchur saincheaptha chun riachtanais shonracha gheallsealbhóirí Eurofound a shásamh. Brathann an tseirbhís seo ar shonraí atá ann cheana féin - ní thugtar an tseirbhís seo maidir le réimsí a mbeadh gá le taighde úr ag baint leo.
Cuirtear fáilte roimh iarratais ó eagraíochtaí comhpháirtíochta sóisialta ag an leibhéal Eorpach agus náisiúnta, ó rialtais na mballstát agus ó na hinstitiúidí AE. Bainfear úsáid as cur chuige roghnaíoch bunaithe ar ábhartacht agus tábhacht beartais na n-iarratas agus na hacmhainní atá ar fáil.
Tuilleadh eolais
- eagraíochtaí atá bunaithe sa Bhruiséil, Sylvie Jacquet, Ceannaire ar an Oifig Idirchaidrimh sa Bhruiséil
- geallsealbhóirí eile, Barbara Gerstenberger nó John Hurley